μετάφραση ποιημάτων μου στα ιρλανδικά από τον ποιητή Matthew Shelton :

Ό, τι υπήρξε
οριζόντια
πριν τη μέρα
υιοθετώντας τις παράξενες
συνήθειες ερπετού
κάτω απ’ την πέτρα
ζώντας τον χειμώνα
μέσα στα δέντρα
εικόνες της μικρής ζωής
επαληθεύοντας
την κλειδωμένη άνθηση
επαληθεύοντας
τη ραγισμένη αίσθηση
ό, τι υπήρξε πριν
τον κάθετο ίλιγγο.


Achan Rud a Bhí Ann

Achan rud a bhí ann
go cothrománach
roimh éirí na gréine
ag glacadh dóigheanna
aisteacha is péistiúile air féin
faoin chloch
ina chónaí sa gheimhreadh
sna crainn
íomhánna an tsaoil mhicreascópaigh
ag dearbhú
an bláthaithe faoi ghlas
ag dearbhú
an mhothaithe bhriste
achan rud a bhí ann roimhe
meadhrán ingearach.

(Máitiú Mac Seiltúin)



Κάθε αυγή ο σκλαβωμένος καταρράκτης
θεριεύει επικίνδυνα
πνίγονται ανεπαίσθητα ολοένα οι πνοές

Κάθε αυγή η ανάσα θρυμματίζεται
χύνεται ζεστό του μέλλοντος το αίμα
ανάμεσα στα δάχτυλα

Κάθε αυγή φεγγάρι ελάχιστο
ελπιδοβόρο γίνεται δρεπάνι
θερίζει το σκοτάδι,
ύστατη πράξη

Κάθε αυγή πεθαίνει ένα σκοτάδι
κάθε αυγή
πεθαίνει ένα φεγγάρι.


Gach Éirí na Gréine

Gach éirí na gréine pléascann an t-eas faoi dhaoirse
amach go dainséarach
análacha ag bá go dofheicthe

Gach éirí na gréine titeann anáil as a chéile
fuil na todhchaí ag sceitheadh te
idir na méara

Gach éirí na gréine déantar corrán
den tíosghealach, ag slogadh an dóchais,
ag baint an dorchadais,
gríomh deiridh

Gach éirí na gréine faigheann dorchadas bás
gach éirí na gréine
faigheann gealach bás.

περιοδικό An Gael, West Babylon, New York 2017

http://www.magcloud.com/browse/issue/1244604